Bhí Tiarna ann roimh am John, díshealbhaíodh léir daoine ar an Ardaí agus d’imigh cuid mhór acu go Meiriceá. Dá ndéanadh siad aon athrú sa teach, urláir, simléir nó fuinneoga móra, d’ardaíodh sé an cíos. Dá mbíodh caoirigh ag na daoine ar an chnoc, bhíodh cíos le díol fosta. Cuireadh amach a mháthair agus cuid dena teaghlach. D’imigh siad go Meiriceá, go Philadelphia agus go Virginia ach tháinig sise ar ais.
Bhí an tOlphartach ann ina dhiaidh sin ach ní raibh seisean chomh holc. Ní raibh cíos le díol ar na caoirigh ar an chnoc níos mó. Mharaíodh sé ceann de na caoirigh gach seachtain agus thugadh sé gugán brat (soitheach le sú) do na tionóntaí, bhí páipéar le fáil sínithe ag an tsagart ar dtús agus ansin chaitheadh fear darbh ainm Willie Gowan e a shíniú. | 00:05:57 | |